TREOIR

Rialacha na Scríbhneoireachta de réir Mark Twain
1. Ba chóir go n-éireoidh le scéal rud éigean a dhéanamh agus críochnú éigean a shroichint.
2. Ní mór go mbeadh eachtraí na scéala mar chuid den t-scéal féin, agus caithfidh go gcuirfeadh siad leis an t-scéal freisin.
3. Ba chóir go mbeadh na daoine sa scéal beo, ach amháin nuair is marbháin iad, agus ba chóir go mbeadh an léitheoir in ann idirdhealú idir na marbháin agus na daoine eile.
4. Ba chóir go mbeadh fáth a dhóthain ag na daoine sa scéal, idir beo agus marbh, bheith sa scéal.
5. Nuair a bhíonn pearsana na scéala i dteagmhail trí chomhrá eatarthu; ba chóir go mbeadh an caint sin mar an gnáth caint a bhíonn ag daoine sa chás céanna, ní mór bheith in ann teacht ar an mbrí agus ar an gcúis atá lena mbriathra, ba chóir go mbeadh baint acu leis an scéal, agus fanacht dílis don ábhar ar lámh, agus bheith suimiúil don léitheoir féin, agus cabhrú le h-insint na scéala, agus stopadh nuair nach féidir leo smaoineamh ar rud eile a rá.
6. Nuair a dhéanann údar cur-síos ar phearsa sa scéal aige, is ceart go mbeidh an iompar agus an caint ag an duine dílis don chur-síos úd.
7. Nuair a bhfuil caint galánta, snasta, réitithe, srl. ag duine ag tosach an ailt, ní ceart go mbeadh caint cheoltóra shráide aige ag deireadh an ailt (Nóta: bhí téarmaí canúna sa Bhéarla nach ndéanfadh ciall ar bith as Gaeilge sa threoir seo)
8. Ní leagfaidh, ní an t-údar nó na daoine sa scéal, seafóidí amaideacha ar an léitheoir.
9. Fanfaidh na daoine sa scéal go buan i réim na féidireachta agus fágfaidh siad na míorúiltí ar lár; nó, má bhuaileann siad isteach ar míorúilt, caithfidh an t-údar é a léiriú ar bhealach go mbeadh sé sodhéanta agus ciallmhar.
10. Ní mór don údar suim mhór a mhúscailt sa léitheoir i scéal agus i gcinniúint na bpearsa; agus go mbeadh gean a chothú aige do na dhaoine maithe agus gráin do na dhaoine olca.
11. Ba cheart go mbeadh an oiread sin aitheantas ag léitheoir ar na pearsa ar chaoi go mbeadh a fhios aige cad a dhéanfadh an phearsa son i gcás éigeandála.

Ní mór don údar:
12. An rud ar mhian leis a rá a rá seachas rud cóngarach leis a rá.
13. An focal cuí a úsáid seachas col-seisear leis.
14. Sár-ornáidíocht a sheanadh.
15. Gan sonraí éigeantaigh a fhágaint ar lár.
16. Gan bheith maolscríobach.
17. Cloí leis an ngramadach ceart.
18. Scríobh ar bhealach easca díreach.