Foclóir, gramadach agus aiseanna eile
‘Ba bhreá liom leabhar a scríobh ach níl muinín agam as mo chuid ghramadaí…’
Sin an cás ag chuid maith againn. Táimid uile sásta scéal a insint ach is minic go gcaillimid an rithim nuair a thógaimid peann sa lámh.
Molann Gaeilge Bheo go scríobhfá de réir do mhodh chainte féin. Tá gach seans go gcuirfeá urú in áit séimhiú nó go ndeanfaidh tú focal firinscneach as focal baininscneach. Má thuigeann daoine do chuid chainte, tuigfidh siad do chuid scríbhneoireachta freisin.
Más file thú, tuigfidh tú sin go maith. Glacann an file an saoirse teanga mar cheart. Athraíonn an file brí agus cruth na bhfocal chun go ndearfadh siad an rud ba mhian leis an bhfile féin. Tá an ceart céanna ag scríbhneoir.
Mar sin féin, ní thuigeann daoine gramadach nach bhfuil slachtmhar. Tá sé deacair ar léitheoir fanacht le scéal má tá an ghramadach go h-iomlán trína-chéile.
Tá cóip Chaighdeáin, 2012, le fáil anseo agus molaimid dhuit chloí leis más féidir.
Ach, ag deireadh na daileadh, is tusa cruthaitheoir do shaothar féin agus fanann an rogha leat. I mbeagnach gach teanga, tá leabhair le ghramadach neamh-chaighdeánach agus litriú uafásach ar liosta na leabhar le éileamh mór orthu i gcónaí. Go minic is é an t-aon taifead amháin a bhíonn ag teanga labhartha.
Is iad údair a thugann beatha do theanga – gan iad, níl mórán ann. Bíodh muinín asat féin agus scríobh do scéal. Cinnte go mbeidh cúpla duine ag gearán – nach sin an saol?