Airgead, údar agus cáin – an scéal ar fad

Is é an gnáth ceist ag éinne atá ag macnamh ar shaol mar scríobhnóir ná; “cé mhéid airgead a chosneoidh sé seo orm? Le blaganna agus a leithead ceapann daoine nach bhfuil airgead le fáil go h-éasca leis an bpeann agus is fíor sin sa Ghaeilge faoi láthair. Ach tá dea-scéal ann freisin….

NÍL CHOSTAS AR BITH ORT rLEABHAR A FHOILSIÚ

Tá sé i bhfad níos easca rud a fhoilsiú anois ná mar a bhí sé riamh. De gnáth tugann seirbhisí dhíolacháin thart ar 70% ar ais ag an údar . Ní gnáthsheirbhís muid; iarrann Gaeilge Bheo 10% den bhrabús tar éis táillí íocaíochta ort.

COMHAIRLE BEAG

  • Bíonn daoine níos sástaí rLeabhar a cheannach ar chostas idir €2 agus €3.
  • Ná déan dearmad go bhfuil CBL (VAT) le h-íoc ag custaiméirí san AE.

Cuir luach sa bhosca thíos chun an íocaíocht dhuit a fheiceáil….

* Féach bun an leathanaigh do rátaí CBL i dtíortha eile na hAE

Cáin Pearsanta ar an t-airgead a thuilleann tú

  • Tá cead ag duine €50,000 a thuilleadh ar shaothar ealaíona.
  • Níl an t-airgead seo clúdaithe le IMAT
  • Ní mór duit do shaothar a chlárú leis na Coimisineirí Ioncaim roimh ré.
  • Is féidir leat na treoireacha a léamh anseo
  • agus an foirm iarratais le fáil dhuit féin anseo

 

Cáin Breis Luach (V.A.T.) agus rLeabhair

  • Tá Cáin Breis Luach (CBL) le h-íoc ar rLeabhar i log na ndíolachán laistigh an AE féin (Eolas Anseo)
  • Íocann gach duine atá san AE an CBL de réir log an cheannaithe.
  • Tugann Gaeilge Bheo aire go bhfuil na cáineacha seo uile gearrtha agus íochta mar ba chóir.
  • Ní gá do údar bheith buartha i leith íocaíochtaí CBL má dhíolann se/sí a rLeabhar tríd an t-siopa anseo ag Gaeilge Bheo.

 

RÁTAÍ CBL 2016: AT Ostair 20% – BE Beilg 21% – BG Bulgáir 20% – CY Cipir 19% – CZ Poblacht Seice 21% – DE Gearmáin 19% – DK Danmhairg 25% – EE Eastóin 20% – EL Gréig 23% – ES Spáinn 21% – FI Fionlainn 24% – FR Frainc 20% – HR Cróit 25% – HU Ungáir 27% – IE Éire 23% – IT Iodáil 22% – LT Liotuáin 21% – LU Lucsamburg 17% – LV Laitvia 21% – MT Málta 18% – NL Ísiltír 21% – PL Polainne 23% – PT Portaingéil 23% – RO Rómáine 24% – SE Sualainn 25% – SI Slóivéine 22% – SK Slóvaice 20% – UK Ríocht Aontaithe 20