Ábhar oiriúnach don scríobhnóir

Cén ábhar atá oiriúnach le fhoilsiú?

Tá raon beag ábhar a fhoilsiú sa Ghaeilge faoi láthair. Sna blianta 2014 agus 2015, foilsíodh 240 leabhar as Gaeilge. Astu siúd;

  • Bhí 75 leabhair, 31%, dírithe ar pháistí agus déagóirí óga.
  • An dara ghrúpa láidir ná na bailiúcháin éagsúla; Béaloideas 14%, Filíocht 11%, Gearrscéalta 8% agus Drama 2% – sin 35% an iomláin.
  • Idir úrshaothar, aistriúcháin agus athchló; foilsíodh 21 urscéal nó 9%
  • Bhí 8% ag aiseanna oideachais
  • Fágann sé sin 40 leabhair ag gach ábhar eile; an saol sa Ghaeltacht, an pholaitíocht, stair, beathaisnéis agus spioradáltacht.

 

ábhar foilsiúcháin gaeilge foilsiú

Seo an saghas ábhar atá amú orainn

Scéalta na mBan

Is í Éire an tír a bhronn Mave Binchy, Patricia Scanlan, Sheila O’Flanagan, Marian Keyes agus Cecilia Aherne ar an domhan. Is iad a leabhair na leabhair is mó éileamh orthu in Éirinn. Féach ar shuíomh Eason agus is iad na leabhair scríofa ag bean do mná formhór na mórdhiolachán gach bliain. Níl leabhar amháin as Gaeilge ag Eason. Tá obair déanta ag Pénélope Bagieu sa rannóg seo ach is beag eile a bhfuil fáil air.

Scéalta Grinn

An bhfuil an greann atá forleathan in Éirinn le fáil i measc na Gaeil? Ní amháin go bhfuil slua mór Éireannaigh i measc na fuirseoirí móra ach, tá scríbhneoirí mar Roddy Doyle, Paul Howard agus a leithead ann freisin. Tá cáil orainn mar náisiún sa rannóg seo ach tá beagnach faic scríofa againn inár dteanga féin.

Gan an saghas scríbhneoireachta seo fágaimid sinn féin gan foclóir chun pleidhcíocht a dhéanamh sa ghnáthchomhrá. Is minic go n-athraíonn daoine teanga nuair a éiríonn comhrá magúil. Tá seans maith go bhfuil tionchar mór ag an nganntanas seo ar an Ghaeilge mar teanga sráide.

Éire sa 20ú Aois

Tá réim mór leathan scríofa sa Bhéarla ar an saol sa tír seo ach is beag cuimhne a bheadh ag Gaeilgeoir ar an stair trí Ghaeilge. Tá scéalta móra le h-insint ag slua mór againn;

  • An saol i dTuaisceart na hÉireann 1922-69 agus idir 69 agus anois. Is fíor beag an méid atá againn sa Ghaeilge ag éirí as an beatha, an stair, an chomharsanacht agus an samhlaíocht a rugadh sa chomhthéacs tábhachtach seo.
  • An saol i nDeisceart na hÉireann in aimsir na 80dí; scéalta an Diaspóra Nua agus an chomhluadar a d’fhág siad taobh thiar díobh. Tá neart scríofa ar na laochra agus na deamhain a bhíodh linn sa Bhéarla ach, arís, níl ach blúirín beag sa Ghaeilge.

An Aos Óg

Tá beatha agus domhan ag an aos-óg féin. Ó am go chéile éiríonn scéal atá suimiúil don ghlúin agus, nuair a tharlaíonn sé seo, éiríonn ocras mór ar an léamh sa ghrúpa seo.  Tá cúpla leabhar le Tolkien agus Rowling aistrithe go Ghaeilge agus tá sraith ar vaimpírí ag Órna Ní Choileáin agus ar saol na n-óg ag Éilís Ní Dhuibhne agus Áine Ní Ghlinn, ach fós, tá bearna mór anseo don té leis an mbua ar scéal maith a insint.

Ní stopann daoine leis an léamh ag aois a 15