CUIREADH AG AN tSCRÍBHNEOIREACHT
Gaeilge Bheo
Indí Ghaeilge ar an Idirlíon
Seo an céad tionscadal ag Ghaeilge Bheo. Is suíomh é seo nach bhfuil ag braith ar airgead ó Fhoras na Gaeilge nó ar toil pholaiteora, táimid neamhspleách, nó ‘indí’ mar a dheireann siad sa domhan mór.
Ba mhaith linn go scríobhfá leabhar
Sea, ba mhaith linn go gcuirfeá do scéal i gcló agus tá Gaeilge Bheo anseo chun cabhrú leat é a dhéanamh gan mórán stros a chur ort féin.
Cén fáth a bhfuil Gaeilge Bheo ag iarradh seo?
Creidimid anseo i nGaeilge Bheo go mbraitheann todhchaí na teanga ar an bhfocal scríofa. Le tamall anuas níl ach idir 50 agus 60 foilseachán nua sa Ghaeilge gach bliain. Tá neart spás chun fháis againn mar níl réim leathain ábhar sna leabhair atá á fhoilsiú.
Ar fud na cruinne tá thart ar 30% na leabhar sa rannóg ‘indí’. Sa rannóg indí tá i bhfad níos mó saoirse ag údar ach níl an cúnamh ann a fhaigheann údar ó fhoilsitheoir. Mar sin, déanfaidh Gaeilge Bheo cuid den cúnamh fhoilsitheora dhuit gan chostas ort féin.
Tá siopa ar an tsuíomh seo agus beimid lán sásta bheith mar siopa leabhair dhuit. Tabhairfimid aire do chúrsaí CBL agus fógraíochta. Níl ag an t-údar le dhéanamh ach an leabhar a scríobh agus aire a thabhairt don cháin pearsanta má thuilleann an leabhar níos mó ná €50,000! Tá níos mó eolais le fáil ar an ábhar seo sa cheist ar an gcáin.
Le teacht an r-Leabhar, tá seans ag údair nua a gcuid saothar a fhoilsiú dóibh féin. Socraíonn ha h-údair an costas, fanann an cóipcheart leo, faigheann siad formhór na n-íocaíochta ar ais chucu féin (±90%) agus bíonn an ceart acu an saothar a bhaint ón t-suíomh gan leithscéal ar bith a gabháil.
Tá buntáistí móra ag baint leis an r-Leabhar. Níos mó ná aon rud eile, coimeádann an rannóg indí taifead maith ar theanga, chultúr agus oidhreacht na gnáth. I nGaeilge Bheo táimid tugtha chun an taifead sin a chruthú agus a scaipeadh.