POBAL NA nGAEL
Seirbhís ‘saor in aisce’ is ea é Pobal na nGael. Áit chun do chuid Ghaeilge a chur ar an léarscáil.
Is liosta na n-áis buan é Pobal na nGael.
Más gníomh aonaraigh atá a lorg agat; tá an t-eolas sin le fáil sa Dhialann – léacht, taispeantas, drama, ceolchoirm, mórshiúl, cruinniú, nuacht, feachtas srl. GRMA.
Conas teacht ar a chéile….
- Roghnaigh an log ina bhfuil tú – cé go bhfuil an léarscáil féin as Béarla is féidir do rogha Gaeilge nó Bhéarla a úsáid (tuigeann Google Maps gur ionann iad Baile Átha Cliath agus Dublin).
- Roghnaigh an raon taistil a bhfuil sásúil duit.
- Roghnaigh an rannóg atá a lorg agat – m.sh. ciorcal comhrá, ranganna Gaeilge, dlíodóir srl.
- Brú an cnaipe ‘Cuardaigh’.
- Gheobhaidh tú sonraí na gníomhaíochta Ghaeilge sa cheantar thart ort de réir do rogha.
• Más ghrúpa sibh le gníomhaíoch sa Ghaeilge – ciorcal comhrá, club na n-óg, club siúloide srl. – fág sonraí ar an léarscáil le bhur dthoil chun go mbeadh fáil ag baill nua oraibh.
• Más oide thú is féidir leat do shonraí a chur anseo chun go mbeadh mic léinn in ann teacht ort go h-éasca.
• Más ailtire, cuntasóir, dochtúir, dlíodóir, innealtóir srl. thú agus Gaeilge agat – fiú nuair nach í an Ghaeilge do ghnáth teanga oibre ach go bhfuil fonn ort obair a dhéanamh trí mheáin na Gaeilge – cláraigh do shonraí anseo le do thoil agus beidh an t-eolas ann do Ghaeilgeoirí atá ar do lorg.
• Más Gaelscoil, Gaelcholáiste, Beár, Caife nó gnó sibh le seirbhís buan – iarraimid oraibh bhur shonraí a chur ar an léarscáil chun go mbeadh a fhios ag daone cá bhfuil sibh lonnaithe.
• Más ghrúpa reiligiúnaigh sin le aifreann, seirbhís nó cruinniú agaibh go rialta, bheadh sé thar a bheith cabhrach an t-eolas sin a scaipeadh dod chomhluadar féin agus do chuairteoirí ag an gceantar leo.
ACH … más ghrúpa sibh le ainm Gaeilge ach sibh ag feidhmiú trí Bhéarla, le bhur dtoil, ná cláraigí anseo ar Pobal na nGael. Is í cúis na seirbhíse seo ná áiseanna a fhógairt cár féidir le dhaoine an teanga féin a labhairt.
• Ní mór duit ciallchogar a fháil ar dtús. Cuirfimid an ciallchogar agat i ríomhphost agus beidh ort síniú isteach ar an tsuíomh chun ciallchogar nua a roghnú dhuit féin.
• Tar éis síniú isteach duit, is féidir sonraí do ghrúpa nó do sheirbhíse a chlárú agus rachaidh an t-eolas díreach ag an léarscáil.
Tá cead agat do rogha eolais (dleathach) a chur le do fhógra/bhur bhfógra, ach, má tá eolas cruinn ann, m.sh. costas, titeann sé ort/oraibh féin an t-eolas son a athnuachtaint má thagann athrú air.
Muna bhfuil láthair nó am buan agat/agaibh; bí cinnte go bhfuil modh teagmhála i measc na sonraí – suíomh, fón, guthán, ríomhphost, Facebook, Twitter srl.
Agus, más é nach mbuaileann sibh le chéile ach ó am go chéile; b’fhéidir go mbeidh sé níos fear oraibh na sonraí a fhógairt sa Dhialann
• Os rud go bhfuil an chuid seo den t-suíomh oscailte, ní féidir le Ghaeilge Bheo freagracht a ghlacadh as na nithe a scríobhann daoine ann.
• Tá cnaipe i ngach fógra chun gearán a dhéanamh. Má thagann tú ar rud a bhfuil, de réir do mheas; maslach, béadánach, graosta nó mídhleathach, iarraimid ort an cnaipe sin a bhrú le do thoil. Tá Gaeilge Bheo sásta an fógra a bhaint go dtí go dtugann an t-údar freagra ar an ngearán.
• Is é Gaeilge Bheo a bheidh ag cur na ceisteanna thar ceann an ghearánaí. Ní scaoilfimid ainm nó sonraí an ghearánaí riamh.
